I mBéal Feirste a rugadh Elizabeth Shaw agus chaith sí morchuid a saoil i mBeirlin. Is iomaí gradam litríochta a bronnadh uirthi le linn a gairme, Duais Kathe Kollwitz on Acadamh Ealaine, Beirlin, ina measc, chomh maith le Bonn Airgid Leipzig, Duais Hans Baltzer agus Duais Ealain DDR. Tá dea-chail ar fud an domhain ar an iliomad leabhar do pháistí a scríobh agus a mhaisigh sí, agus tá a saothar foilsithe i raon leathan teangacha.
Is clasaic é An tUan Beag Dubh atá aistrithe agus foilsithe i dtíortha eagsula, an Danmhairg, an Ghearmain, an Ghréig, an Laitvia, Meicsiceo, Poblacht na Coire, an Phortaingéil, an tSeapáin, an tSín agus an tSualainn ina measc.