Binding: Paperback
Date Published: 05 Aug 2026
I Scairt na Samhna-Áine sa Neidín, insítear scéal cailín beag darbh ainm di Áine, a thaistealaíonn lena teaghlach ó Bhaile Átha Cliath chun an fhéile bhliantúil Scairt na Samhna a cheiliúradh lena Mamó sa Neidín, Co. Chiarraí. I gcaitheamh na saoire, baineann siad sult as cluichí Samhna a imirt, bia na Samhna a thriail, agus áilleacht fhómhair na háite a fhiosrú. Ag deireadh an scéil, gléasann gach duine suas agus glacann siad páirt i bparáid Scairt na Samhna leis an bpobal áitiúil.
Tá ‘Leideanna Plé’ bunaithe ar théamaí an leabhair ar fáil ag cúl an leabhair, chun rannpháirtíocht idir daoine fásta agus páistí a spreagadh. Tacaíonn an scéal le haidhmeanna Churaclam na Bunscolaíochta don aoisghrúpa seo, le béim ar leith ar chultúr agus traidisiúin na hÉireann a thuiscint, chomh maith leis an bhfás pearsanta a chothú.
Tá leagan Béarla den leabhar ar fáil freisin, dar teideal Howl at Halloween: Áine goes to Kenmare.