Sadhbh Devlin Amuigh Faoin Spéir: 2022

€10.95

Limited Bookmarks Available. Leabharmharcanna ar fáil!

Code 9781910945940


Add to Basket
Description

Tá Rua breá sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann agus gur féidir leis luí siar ar an tolg le breathnú ar chartúin ar feadh an lae. Tá Mamaí sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann freisin ach tá plean iomlán éagsúl aici siúd don lá. Plean a chiallaíonn go mbeidh siad fuar, fliuch agus salach, dar le Rua. B'fhearr leis féin fanacht te, tirim agus glan - ach an éireoidh leis? 

Scéal álainn a dhéanann ceiliúradh ar an domhan nádúrtha agus ar bheith neadaithe go teolaí ar an tolg i ndiaidh eactra mhór amuigh faoin spéir.

About the Author

An tÚdar

Is scríbhneoir, a bhfuil gradam buaite aici dá bpictiúirleabhair, í Sadhbh Devlin. Tá an-éileamh ar na ceardlainne agus imeachtaí leabhair a chuireann sí ar fáil ar fud na tíre. Ainmníodh a leabhar, BEAG BÍDEACH (Futa Fata 2018) le haghaidh ceithre ghradaim mór le rá, ina measc; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana agus Gradam Réics Carló. Bhuaigh an saothair is deireanaí uaithi, GEANSAÍ OTTÓ (Futa Fata, 2020), Gradam Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana (Catagóir 0-5) i 2021.Is í an Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge 2022 le DCU í.Tá cónaí uirthi i gCo.Chill Mhantáin lena fear chéile agus beirt iníon. Is é AMUIGH FAOIN SPÉIR an cheathrú leabhar uaithi le Futa Fata.

An Maisitheoir

Tá saothar Brian Fitzgerald don óige ar fáil go forleathan, é foilisthe ag Blue Apple Books New Jersey, SAM, Carthusia Books na hIodáile, Les apprentis réveurs, An Fhrainc, Usborne Publishing na Breataine, An Gúm agus Futa Fata in Éirinn.  Is é a mhaisigh na leabhair CÓCÓ AN COLGÁN CAIRDIÚIL a scríobh Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus BINJÍ, MADRA AR STRAE le Patricia Forde. Bhí sé ar dhuine den cheathrar maisitheoir a chruthaigh ealaín don chnuasach BLIAIN NA nAMHRÁN le Tadhg Mac Dhonnagáin, saothar a bhain Gradam Réics Carló 2018, Gradam Speisialta na Moltóirí ag Gradaim CBI, 2017 agus Gradam White Ravens ó Leabharlann na nÓg, München na Gearmáine, 2017.


Delivery Info

We provide FREE delivery in the Republic of Ireland when you spend €49 or more. 

FREE Click & Collect from The Ennis Bookshop. You will not be charged for this service.  We are happy to arrange Delivery outside Ireland. Please e-mail us at enquiries@ennisbookshop.ie for more information. 

Find out more about our Delivery & Collection services

Returns Policy

We want you to be completely satisfied with your order and we would hope to resolve any problems you may have. If you are unhappy with your purchase, we will exchange or refund the item or issue a credit note, providing the goods are not damaged and all packaging is still intact.

Terms and conditions apply.

Please view our full Returns Policy for further information.

Click to view complete product details
Close

POP-IN HTML goes here

Close

Your Basket

Your basket is currently empty