An tAistritheoir
Tá seantaithí ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar an véarsaíocht - tá amhráin go leor do pháistí agus do dhaoine fásta araon cumtha i nGaeilge aige agus ceol cumtha aige do véarsaí traidisiúnta.
Bhain an cnuasach amhrán faoi na séasúir, an CD/leabhar Bliain na nAmhrán Gradam Speisialta na Moltóirí ag na CBI Book of the Year Awards, 2017, ainmníodh mé mar White Raven Honoree ar liosta gradamúil an International Youth Library, Munich, 2017 agus bronnadh Gradam Réics Carló air i 2018.